Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
1960/1961. An lóistín agus an caitheamh aimsire a bhí acu in Salford in Manchain. Bhí sé ag stopadh ag bean as Inis Meáin, Bridie Pháidí Dhonnchaidh (fuair sí bás le gairid). Bhí aithne aige ar a deartháir Jimí agus théadh an triúr acu corr uair chuig coirm ceoil agus chuig na damhsaí in Manchain.
Ina dhiaidh sin thart ar 1961 bhí sé ag obair ar an Líne Victoria in Londain:- tollán a dhéanamh acu don (traen Tube.) Ní raibh mórán measa ar na h-Eireanmaigh i ndiadh an méid oibre a rinne said sa Bhreatain cé go raibh na hÉireannaigh maith ag obair sna tolláin. | 00:12:32 | |
Bhí fáilte mhór ag na Breatnaigh do na hÉireannaigh. Ag obair sna tolláin, na tolláin a bhí ann agus an obair a bhí le déanamh acu. Phioc sé suas cuid den teanga, An Bhreatnais. | 00:03:47 | |
An Bhreatnais agus mar a chóipeáil sé leis an teanga. Bhíodh léir áiteanna nach raibh béarla ar bith acu. Bhí cultúr na Breataine Bige cosúil le cultúr na hÉireann. | 00:02:05 | |
Leigheann Gonna píosa as leabhair faoi na báid a d’iompair pasantóirí as Éirinn as Doire go Glaschú. Ba ghnách le baid eile seoladh as Sligeach aníos an cósta agus shuíodh sí amuigh i mbá Ghabhla agus phiocadh sí suas pasantóirí. The ‘Irish in Scotland’ ainm an leabhair. Píosaí ó 1847-1848. | 00:05:00 | |
B’iad na glúnta a chuaigh romhainn a leag dúshraith an tsaoil úr – saol an oideachais agus biseach mór ar an tsaol. Daoine a d’imigh ar imirce agus airgead a saothrú sa Bhreatain agus a cuireadh na bhaile. | 00:04:36 | |
Ní thig dearmad a dhéanamh dona Gaeil a d’imigh agus nár phill ariamh agus atá curtha i gcathracha móra na Breataine. | 00:02:11 | |